Valérie Harvey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaValérie Harvey

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Deireadh Fómhair 1979
44 bliana d'aois
Capitale-Nationale, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity of Sherbrooke (en) Aistrigh
Ollscoil Laval Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Gradam a fuarthas

Amhránaí agus scríbhneoir ó Québec is ea Valérie Harvey. Rugadh í in La Malbaie ar an 2 Deireadh Fómhair 1979.[1] Sa tSeapáin is mó atá suim aici agus tá trí leabhar foilsithe aici faoin tír sin. Tá sí le cloisteáil ina socheolaí ar an gclár raidió Médium large ar ICI Radio-Canada Première.[2] Ise a scríobhann an blag taistil Nomadesse, agus baineann sí leis an dísreach Yume, a chumann amhráin i Seapáinis agus i bhFraincis.

Rinne sí staidéar sa Cégep (coláiste gairmoiliúnaí) agus in Ollscoil Sherbrooke, mar ar bhain sí amach céim i litríocht Fhraincise agus céim eile i gcumarsáid agus in ilmheáin. Bhí teastas aici freisin i dteangacha nua-aimseartha. Tharraing an méid sin chun na Seapáine í.[3].'

In 2006 chaith sí bliain in Kyoto sa tSeapáin. Ar fhilleadh abhaile di thug sí faoin staidéar arís in Ollscoil Lavall agus chuaigh sí ar ais chun Kyoto in 2010.

Tá trí leabhar foilsithe aici. In Passion Japon tugann gach caibidil cuntas ar ábhar difriúil: na healaíona, an bia, na héadaí, na reiligiúin, an teanga, caidreamh leis na Seapánaigh, na cathracha agus na teampaill is tábhachtaí. In Les découvertes de Papille au Japon deir an féileacán Papille le léitheoirí óga cén chuimhne atá aige ar na turais a thug sé go dtí an tSeapáin. In Le pari impossible des Japonaises (2012), saothar atá bunaithe ar a máistreacht sa tsocheolaíocht, baineann sí úsáid as agallaimh le mná idir tríocha agus cúig bliana is daichead d’aois chun iniúchadh a dhéanamh ar na dála agus ar na constaicí sóisialta a bhacann ar na Seapánaigh teaghlaigh a chur ar bun, beag beann ar an bhfonn atá ar mhná leanaí a bhreith. Tá La Pomme de Justine (Québec Amérique) dírithe ar léitheoirí atá os cionn ceithre bliana déag agus cuireann sé síos ar an ngrá idir múinteoir litríochta agus bean óg a bheidh mar dhalta aige.[4].

Yume[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Valérie Harvey ina hamhránaí sa dísreach Yume, grúpa a bhunaigh sí féin agus a fear céile Philippe Arsenault. Scríobhann sí an chuid is mó d’fhocail na n-amhrán i bhFraincis agus i Seapáinis agus cumann Arsenault an ceol.[5].

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]