Vól léana
Microtus agrestis | |
---|---|
Sonraí | |
Tréimhse iompair | 19.5 laethanta |
Tréimhse saoil is faide | 4.8 bliain |
Gnáthóg | foraois agus caschoill |
Mais | 2 g |
Meánlíon in ál | 4.4 |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 13426 |
Tacsanomaíocht | |
Speiceas | Microtus agrestis (Linnaeus, 1761) |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Mus agrestis |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Vól liath-donn is ea an vól léana nó an vól earrghearr (Microtus agrestis),[1] atá thart ar deich ceintiméadar ar fhad, le eireaball gearr. Ceann de na mamach is coitianta san Eoraip is ea é, le raon ag síneadh ó chósta an Atlantaigh go Loch Baikal. Bíonn siad ar fáil i ngnáthóga taise féarmhara, amhail coillearnach, riasc nó ar bhruacha aibhneacha. Cé go ndéanann siad poill nó rapacha éadomhain, de ghnáth, tógann siad neadacha os cionn na talún. Foinse thábhachtach bia is ea iad d'ulchabháin agus roinnt creachadóirí eile. Ní fhanann líon na na n-ainmhithe seo siocair, ach bíonn sé thíos seal thuas seal go timthriallach. Póraíonn siad go torthúil, den chuid is mó i rith an tsamhraidh, ach is minic ar feadh na bliana go léir, fiú faoi bhun an sneachta. Táirgeann na vóil bhaineannacha suas le seacht n-ál sa bhliain, gach ceann ar an mheán ó cheithre cinn go sé cinn óga a bhaintear den chíoch tar éis thart ar ceithre lá dhéag.Tá an vól léana forleathan agus coitianta agus tá sé liostaithe mar "buairt is lú" ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (AICD).