Uimhir aitheantais phearsanta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Uimhir atá uathúil d'úsáideoir córas ríomhaireachta, dáilte air chun gur féidir leis a aitheantas a dhaingniú roimh chead a fháil an córas a úsáid. Is é UAP an gnáthgiorrúchán air i nGaeilge, PIN i mBéarla. Baintear feidhm as a leithéid i gcórais baincéireachta nua-aoiseacha inar féidir le húsáideoir airgead a aistarraingt ó uathmheaisíní bainc nuair a chuireann sé a chárta bainc is a PIN isteach ann.