Uilleam I na hAlban

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Uilleam I na hAlban

Bhí Uilleam mac Eanraig (nó Uilliam mac Eanric sa Mheán-Ghaeilge) ar a dtugtar an leasainm Garbh freisin, i gceannas mar Rí na hAlban ó 1165 go 1214 (49 bliain). Bhí an dara réimeas is faide aige i stair na hAlban, roimh Acht an Aontais le Sasana, sa bhliain 1707. Bheadh ​​an tréimhse is faide ag Séamas VI (i réim ó 1567 go dtí 1625).

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Uilleam c. 1142, le linn réimeas a sheanathar Daibhidh I na hAlban. Ba iad a thuismitheoirí ná Eanric mac Dabíd (mac an Rí) agus Ada de Warenne. Bhí Uilleam timpeall 10 mbliana d’aois nuair a d’éag a athair sa bhliain 1152, rud a d'fhág gurb é a dheartháir is sine Máel Coluim léiroidhre dá sheanathair. Is óna athair a bhfuair Uilleam an tIarlacht Northumbria ó oidhreacht. Fuair Daibhidh I bás an bhliain dár gcionn, agus d'éirigh Uilleam ina oidhre toimhdean don rí nua, Máel Coluim IV. Sa bhliain 1157, chaill Uilleam Iarlacht Northumbria d'Anraí II Shasana.

Réimeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor mhair Máel Coluim IV an-fhada, agus ar a bhás an 9 Nollaig 1165, ag aois 24, tháinig Uilleam i gcoróin. Corónaíodh an monarc nua an 24 Nollaig 1165. I gcodarsnacht lena dheartháir lag reiligiúnach, bhí Uilleam teann láidir, ruafholtach agus ceanndána. Ba mhonarc éifeachtach é, ach mhill iarrachtaí mí-ámharach smacht arís a fháil ar a oidhreacht athartha Northumbria ó na hAngla-Normannaigh a réimeas.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]