Uathchóras na néaróg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuid den néarchóras a thugann seirbhís do na faireoga (mar shampla, na faireoga seileacha is allais), matán an chroí, agus an matán mín (mar atá i mballaí na bhfuileadán is an lamhnáin). Cuimsíonn sé grúpaí néarcheall taobh amuigh de lárchóras na néaróg, idir an córas sin is na spriocorgáin. Roinntear an t-uathchóras ina chóras simpiteach (S) atá dáilte ar fud na colainne ach ar na fuileadáin go príomha, agus ina chóras paraisimpiteach (P) atá dáilte ar an gcóras gastraistéigeach, an córas riospráide, an córas úirigéiniteach, is na súile. Nuair a bhíonn an dá fho-chóras seo, S is P, araon ceangailte le córas ar leith, is minic a bhíonn a n-iarmhairtí i gcoinne a chéile chun gur féidir cothromaíocht ilréimnithe a bheith i gceist. Mar shampla, méadaíonn gníomhaíocht S ráta buailte an chroí, ach moillíonn gníomhaíocht P an croí; bolgann S mac imrisc na súile, agus crapann P é. Den chuid is mó, ullmhaíonn fo-chóras S an cholainn i gcomhair gníomhaithe, agus feidhmíonn P chun fuinneamh a chaomhnú is scíth a ligean.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uathchóras na néaróg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 685.