Uaigheanna sloic
Cuma
Dhá ghrúpa tuamaí ríoga a fuarthas ag ceann thiar dhaingean na cathrach i Mícéiné na Gréige, na príomhshamplaí fionnta i 1876 ag Heinrich Schliemann (1822-1890). 6 sheomra dronuilleogach, timpeall 4.5 m × 6.4 m, gearrtha as an gcarraig, le díonta adhmaid. Gach ceann acu le 2-5 adhlacadh mórthaibhseach ón 16ú céad RC, le maisc bháis óir, seodra, soithigh óil is airm. Cheap Schliemann gurbh iad uaigheanna Agaimeimneoin is Chlítiméastra as Íliad is Odaisé Hóiméir iad, ach níl aon bhunús leis sin.[1][2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Uaigheanna sloic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 685.
- ↑ ““uaigh shloic” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-21.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |