Tyler, the Creator
Is rapálaí, ceoltóir, agus cumadóir amhrán Meiriceánach é Tyler Gregory Okonma nó Tyler, the Creator, a rugadh ar 6 Márta 1991 in Ladera Heights, California. Bhain sé clú agus cáil amach sna 2010dí mar comhbhunaitheoir an ghrúpa hip hop malartach Odd Future, agus d’obair sé ar beagnach gach rud atá eisithe ag an ghrúpa sin. Tá cloistéip amháin agus cúig albam eisithe aige mar cheoltóir aonarach.
B’é Bastard an chéad cloistéip aonarach a chur Tyler amach i 2009. Tar éis a chéad albam stiúideo Goblin a chur amach i 2011, shínigh sé margadh comhfhiontair le RED Distribution agus le Sony Music Entertainment dó féin agus do lipéad ceoil s’aige, Odd Future Records.
Cáineadh é mar gheall ar na liricí homafóbach agus frithbhanda a bhí in úsáid aige ina shaothair luatha. Tar éis seo, chuir sé an dá albam Wolf agus Cherry Bomb amach i 2013 agus 2015 faoi seach.
I 2015, coisceadh air dul isteach sa Ríocht Aontaithe ar feadh idir trí agus cúig bliana, agus bhí air turas ceoil a chur ar ceal. D’éirigh go mór le a cheathrú albam Flower Boy i 2017. Bhí an albam seo i gcontrárthacht le saothair eile s’aige, toisc gur chuireadh níos mó béim ar séis an cheoil agus toisc go raibh fuaim an tsnagcheoil le cloisteáil ann.
D’éirigh le cúigiú albam s’aige, Igor, an chéad áit a bhaint amach ar an Billboard 200 sna Stáit Aontaithe. Tugadh duais an Albam Rap is Fearr do Tyler ag na Grammys i 2020.
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Gradam Grammy, Gradam Brit, Gradam Fiseáin Ceoil MTV agus Gradam Wall Street Journal buaite ag Tyler. Chruthaigh sé ealaíon clúdaigh do gach saothar atá eisithe ag Odd Future, agus dhear sé éadaí an ghrúpa chomh maith le earraí eile.
Gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Tyler an comhlacht éadaigh Golf Wang i 2011. I 2012, chuir sé tús le féile ceoil bliaintiúil darbh ainm Camp Flog Gnaw Carnival. Chruthaigh sé seirbhís sruthaithe darbh ainm Golf Media a bhí ar siúl idir 2015 agus 2018. Bhí sraith theilifíse a bhí scríofa ag Tyler, chomh maith le beoshruthú de achan Camp Flog Gnaw Carnival, ar fáil ar an tseirbhís sruthaithe seo.