Turgnamh
Is éard atá i gceist le turgnamh (Laidin: experimentum) i réimse na heolaíochta ná bealach chun tuairimí a thástáil agus iad a chruthú.[1] Baintear úsáid as an modh eolaíoch mar iarracht chun a chinntiú go bhfoghlaimítear an oiread agus is féidir as na trialacha seo, ós rud é go mbíonn a lán dúshlán bainteach le turgnamh maith a thabhairt i gcríoch.
Go foirmiúil, is í an chéad chéim í turgnaimh a chur i ngníomh chun chuidiú le daoine teacht ar chinneadh idir dhá mhíniúcháin iomaíocha - nó hipitéisí. Ceaptar na hipitéisí de ghnáth chun ceist a fhreagairt (mar shampla, cén fáth a thagann aois choirp?) nó chun fadhb a réiteach (mar shampla, conas a d'fhéadfadh mise bheith níos sonasaí?).
Is éard atá sa mhodh turgnamhach ná tástáil arís agus arís eile chun bailíocht hipitéise a mheas, trí sonraí nua cáilíochtúla ná cainníochtúla a fháil, a bhíonn i gcomhréir nó a mhalairt leis an hipitéis.
Muna n-aontaíonn an hipoteis le torthaí na dturgnamh nua, chaitear ar leataobh í agus ní mór hipitéis eile a cheapadh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Féach ar Paradacsa an Fhiaigh Dhuibh chun a fháil amach conas tairiscint a dheimhniú.
- Teoiric eolaíochta
- Teoirim
- Modh eolaíochta
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ COGG. "An Modh Eolaíoch". Dáta rochtana: 2023.