Síolta
| Mergus | |
|---|---|
síolta rua | |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Anseriformes |
| Fine | Anatidae |
| Fofhine | Anatinae |
| Géineas | Mergus Linnaeus, 1758 |
Lacha a itheann éisc is ea an tsíolta. Tá ceithre speiceas beo ann a chuimsíonn an géineas Mergus san fhofhine Anatinae. Is focal Laidine é ainm an ghéinis a d’úsáid Plinias Mór agus údair Rómhánacha eile chun tagairt a dhéanamh d’éan uisce neamhshonraithe.[1]
Faightear an tsíolta mhór (Mergus merganser) agus an tsíolta rua (M. serrator) go forleathan sa leathsféar thuaidh. Is lacha as Meiriceá Theas é an tsíolta Bhrasaíleach (M. octosetaceus) — tá sé ar cheann de na sé éan uisce is mó atá faoi bhagairt ar domhan, b’fhéidir níos lú ná 250 éan san fhiántas. Tá an tsíolta Shíneach (M. squamatus) i mbaol freisin. Tá sé ina chónaí in Oirthear na hÁise sa chrios measartha, ag pórú sa tuaisceart agus ag geimhriú sa deisceart.
Níl an tsíolta chochaill (Lophodytes cucullatus, ar a dtugtaí Mergus cucullatus roimhe seo) ina bhall den ghéineas seo ach tá dlúthbhaint aige leis. Tá an tsíolta gheal (Mergellus albellus, ar a dtugtar “an smiú” freisin), níos gaire do na hórshúiligh (Bucephala) ó thaobh na fíligineachta de.
Tá ceithre speiceas beo agus dhá speiceas dhíobhaí sa ghéineas.[2][3][4]
| Pictiúr | Ainm eolaíochta | Ainm coitianta | Dáileadh |
|---|---|---|---|
| † Mergus australis | Síolta na Nua-Shéalainne | An Nua-Shéalainn (díobhaí c. 1902) | |
| Mergus merganser | Síolta mhór | An Eoraip, tuaisceart agus lár na hÁise, agus Meiriceá Thuaidh | |
| † Mergus milleneri | Síolta Oileán Chatham | Oileán Chatham, an Nua-Shéalainn (díobhaí am éigin tar éis gur lonnaigh daoine ar Oileáin Chatham,[4] thart ar 1500[5]) | |
| Mergus octosetaceus | Síolta Bhrasaíleach | An Bhrasaíl | |
| Mergus serrator | Síolta rua | Tuaisceart Mheiriceá Thuaidh, an Ghraonlainn, an Eoraip, agus an Áise. | |
| Mergus squamatus | Síolta Shíneach | An Áise Thoir |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Jobling (2010). "The Helm Dictionary of Scientific Bird Names". London: Christopher Helm. ISBN 978-1-4081-2501-4.
- ↑ Gill: “Screamers, ducks, geese & swans”. IOC World Bird List Version 11.2. International Ornithologists' Union (July 2021). Dáta rochtana: 24 August 2021.
- ↑ “Auckland Island merganser | Miuweka | New Zealand Birds Online”. www.nzbirdsonline.org.nz. Dáta rochtana: 2022-05-30.
- ↑ 4.0 4.1 “Chatham Island merganser | New Zealand Birds Online” (en). nzbirdsonline.org.nz. Dáta rochtana: 2022-05-30.
- ↑ “Moriori | people | Britannica” (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2022-05-30.