Fíligineacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gaol idir grúpaí ainmhithe de réir a staire éabhlóidí, ionas go mbíonn na grúpaí ceangailte le chéile de réir cé chomh déanach a tharla a gcomhshinsearacht. Déantar an measúnú seo trí chomhairíonna díorthaithe a aithint, den chuid is mó. Léirítear patrún na ngaolta éabhlóideacha taobh istigh de ghrúpaí is idir grúpaí i bhfoirm léaráide géagaí (an crann éabhlóideach), ag taispeáint na línte ginealaigh.