Tuama Pasáiste an Chnoic Rua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Tuama Pasáiste an Chnoic Rua
Íomhá
Sonraí
CineálTuama pasáiste
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chill Chainnigh, Éire
Map
 52°25′54″N 7°23′59″W / 52.43175°N 7.39981°W / 52.43175; -7.39981
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir655

'An Caiseal' a thugtar go háitiúil ar an tuama pasáiste Neoiliteach, An Cnoc Rua, a tógadh thart ar an mbliain 3,000 RC.

Ceann de ghrúpa cam atá lonnaithe sa réigiún is ea an tuama seo, cuid acu atá idir-infheithe agus ailínithe leis an dumba mór atá ar bharr Shlíabh na mBan gContae Thiobraid Árann. Tá an seadchomhartha luite le droimlíne slinne a bhfuil a haghaídh siar ó dheas os cionn an Loinneáin, fo abhainn den Siúir, atá thart ar 100m taobh thiar de. Tá aithne mhór ar an áit mar gheall ar na cainéil shlinne atá ann. Tá réimse leathan de lomáin charraige ansin freisin agus is cinnte gur go háitiúil a fuarthas na clocha a úsáideadh chun an séadchomhartha a thógáil

Is dócha gur tuama nó carn ciorclach (le trastomhas 20m geall leis) ab ea an Cnoc Rua i dtús ama déanta as clocha fuara le colbha imlíneach de chlocha móra, a lán acu maisip agus iad ina luí ina mbunáit go fóill. Tá dhá sheomra adhlactha déanta as clocha móra (liaga seasta) lonnaithe ar an taobh thoir theas agus ar an taobh thiar theas den tuama atá lagholaithe faoip am sep. Ar mhaithe le héascalocht, tugtar an tuama thoir agus an tuama thiar arthu. Bhí na liaga seasta ag coinneáil suas dhá leac mhullaigh ar a laghad a bhí os cionn an tuama i dtús ama (tá ceann acu ina luí anois díreach ó dheas den tuama agus an ceann eile in aice leis an mbealach isteach). D'fhéadfadh go raibh an seomrá seo clúdaithe ag an gear ar dtús agus gan de bhealach isteach ann ach oscailt bheag atá léirithe ag dhá liag sheasta agus cloch shaile atá i gcuaisán an cholbha. Ní léir ar fágadh aon bhealach isteach sa tuama thoir tar éis é a úsáid d'adhlacadh.[1]


Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Oifig na nOibreacha Poiblí) (ND). "An Cnoc Rua".