Jump to content

Truailliú solais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gealú na hoíche
Truailliú solais timpeall an domhain
Físeán: na spéartha in áiteanna iargúlta, fós
Lándorchú Ibéarach in 2025: Truailliú solais ar bith ; na réaltaí le feiceáil aon uair amháin eile

Sainmhínítear truailliú solais[1] go coitianta mar aon drochthionchar a bhíonn ag solas saorga ar dhaoine, ar ainmhithe agus ar an gcomhshaol.[2]

  • I gcás daoine, raon na n-iarmhairtí ó soilsiú iomarcach spéir na hoíche sna cathracha agus timpeall orthu go cur isteach ar an timthriall codlata de bharr soilsiú lasmuigh atá suite go dona i gceantair chónaithe.
  • Úsáideann ainmhithe foinsí solais nádúrtha mar áis loingseoireachta agus mar sin féadfaidh soilsiú saorga mearbhall nó eagla a chur orthu.[2]

Is é is cúis le truailliú solais ná úsáid (neamhriachtanach go minic) an tsolais shaorga, amhail soilsiú sráide, mórchláir fhógraíochta agus foirgnimh atá soilsithe ar feadh na hoíche. Tá na soilse LED i bhfad Éireann níos gile ná na soilse sráide a bhíodh ann. Bíonn dreamanna ag soilsiú foirgneamh agus páirceanna imeartha san oíche gan aird ar thionchar na soilse sin. Inniu tá bealaí ann lena leithéid de shoilsiú a choinneáil gan cur isteach ar an spéir dhorcha.[3]

Theip ar an leictreachas sa Spáinn agus sa Phortaingéil, an lándorchú Ibéarach, ar an 28 Aibreán 2025. An oíche sin, bhí truailliú solais ar bith sa spéir agus na réaltaí le feiceáil aon uair amháin eile.

Tá stádas idirnáisiúnta bainte amach ag ceantair i gCiarraí agus i Maigh Eo cheana féin ó Chumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha.[4]

Tá an truailliú solais ag dul in olcas go mór i nGaeltacht Chonamara le ó na 1990idí, agus polasaithe soilsithe na Comhairle Contae ag teacht salach ar an dea-chleachtas do chaomhnú na spéartha dorcha.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, light pollution
  2. 2.0 2.1 kls-asd.ie (2024). "Ceisteanna Coitianta". Dáta rochtana: 2024.
  3. 3.0 3.1 Maitiú Ó Coimín (22 Deireadh Fómhair 2024). "Imní léirithe faoin truailliú solais a bheith ag dul in olcas go mór i gConamara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-24.
  4. 4.0 4.1 "Truailliú Solais" (ga-IE). Páirc Spéire Dorcha Mhaigh Eo. Dáta rochtana: 2024-10-24.