Triantáin iomchuí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dhá thriantán ar féidir ceann acu a fhorshuíomh ar an gceann eile. Bíonn dhá thriantán iomchuí má bhíonn gach taobh de thriantán amháin cothrom le taobh amháin den triantán eile, má bhíonn gach ceann de dhá thaobh de thriantán amháin cothrom leis an taobh comhfhreagrach den triantán eile is na huillinneacha idir na taobhanna sin cothrom freisin, má bhíonn taobh amháin i dtriantán amháin cothrom le taobh sa triantán eile is dhá uillinn i gceann acu cothrom le dhá uillinn sa cheann eile, nó má bhíonn dronuillinn sa dá thriantán, na taobhagáin cothrom is taobh amháin eile i gceann acu cothrom le taobh comhfhreagrach sa cheann eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Triantáin iomchuí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 677.