Triail oibiachtúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Triail a mheasúnaítear is a mharcáiltear de réir rialacha beachta gan breith shuibiachtúil an triailteora a bheith san áireamh. Bíonn an scéim marcála bunaithe ar fhreagraí inghlactha réamhshocraithe. Go minic déanann duine eile seachas an triailteoir an mharcáil, rud a fheabhsaíonn an oibiachtúlacht.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Triail oibiachtúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 676.