Tráth dom ag smaoineamh ar chríochaibh an tsaoil seo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar CeoilTráth dom ag smaoineamh ar chríochaibh an tsaoil seo
Foirm cheoilaisling Cuir in eagar ar Wikidata

De réir dealraimh, cumadh an aisling Tráth dom ag smaoineamh ar chríochaibh an tsaoil seo, timpeall lár na bliana 1775. Ní fios go cinnte cérbh é an t-údar. Meastar go mb'fhéidir gur scríobh file darbh ainm Seán Mac Cathail é mar gheall ar thagairt don ainm sin i líne 69.

Bhí ainm an údair dírithe go príomha ar imeachtaí sa Spáinn. Bhí arm mór á shlógadh agus longa cogaidh á bhfeistiú ag na Spáinnigh. Mhúscail na hullmhúchái seo suim agus amhras ar fud na hEorpa toisc gur léir go raibh ar intinn ag na Spáinnigh ionradh a dhéanamh ar thír éigin, ní raibh a fhios ag éinne cén tír a bhí i gceist. Cheap an t-údar gurbh í Éire a sprioc, mar a dúirt sé sa dán seo. Ach tháinig na Spáinnigh i dtír ar chósta na hAilgéire i dtús mí Iúil - briseadh orthu agus d'fhan an Ailgéir neamhspleách ar na hEorpaigh go ceann 50 bliain eile. Meastar gur scríobhadh an t-amhrán seo i mí an Mheithimh nó sa chéad leath de mhí Iúil, sular tháinig scéala faoin ionradh ar an Ailgéir chomh fada le hÉirinn. Bhí dóchas ag an údar as na "géanna fiáine", na cumhachtaí Caitliceacha agus an Stíobhartach. Bhain sé sásamh as cruachás na mBriotanach i gCogadh Saoirse Mheiriceá. An teachtaireacht a bhí aige ná "Is í guais na Breataine uain na hÉireann".