Tornapa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Svaeid (Brassica napus fosp. Rapifera)

Is glasra crua gairdín bliantúil nó débhliantúil a fhásann 1 m ar airde é an Tornapa (meacan ráibe uaireanta). Tá sé gealghlas le duilleoga an-liopacha, na bláthanna buí croischruthach, gaolmhar le cabáiste, ach le tiúbair inite. Is iad na príomhchineálacha Brassica rapa, le tiúbair bhána, agus rutabaga nó svaeid (Brassica napus) le tiúbair bhuí. Sa tornapa saothraithe tá bunfhréamh thiúbrach inite, agus fástar go forleathan é mar ghlasra is foráiste ainmhithe. Sa tornapa fiáin ní bhíonn bunfhréamh ata.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tornapa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 672.