Toradh aráin
Artocarpus altilis ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | breadfruit (en) ![]() ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Rosales |
Fine | Moraceae |
Treibh | Artocarpeae |
Géineas | Artocarpus |
Speiceas | Artocarpus altilis ![]() Fosberg, 1941 |
Ainmníocht | |
Tacsan comhchiallaigh |
Crann síorghlas a fhásann 12-18 m ar airde, dúchasach don Mhalaeisia, is dócha. Na duilleoga snasta ubhchruthach go domhain maothánach gar don bharr. Na bláthanna fireanna i gcaitíní gearra. Na bláthanna baineanna i gcinn cholgacha, aicéiní, agus gabhdán spúinsiúil a leathann amach i dtoradh iolrach cruinn, 10-20 cm ar trastomhas, glas/scothdhonn nuair a bhíonn sé aibí, lán de bhia bán snáithíneach. Tugadh isteach d'oileáin an Aigéin Chiúin theas é sa réamhstair, agus is bunábhar bia ansin é. Tógadh don iarthar é ar bhord an Bounty.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |