Jump to content

Tor an fhéileacáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoTor an fhéileacáin
Buddleja davidii Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FineScrophulariaceae
GéineasBuddleja
SpeiceasBuddleja davidii Cuir in eagar ar Wikidata
Franch.

Tom nó crann beag duillsilteach is ea tor an fhéileacánan bhúidlia chorcra (Buddleja davidii).[1] Tá sé dúchasach do réigiúin theo, agus saothraítear is nádúraítear é i gcuid mhaith réigiún eile. Bláthanna beag, i ndathanna éagsúla, go minic cumhra, bailithe i spící dlútha nó crobhaingí cruinneogacha. An-tarraingteach d'fheithidí, féileacáin go háirithe, rud a mhíníonn an t-ainm.

Tor é seo a chuir an luibheolaí Éireannach Agaistín Henry chun na hEorpa ón tSín ag deireadh an 19ú haois mar thor ornáideach. Tugadh faoi deara go raibh sé ionrach den chéad uair nuair a choilínigh sé láithreacha buama i Londain le linn an Dara Cogadh Domhanda.[2] In Éirinn, tá sé ag scaipeadh go seasta ó na 1960idí, ag coilíniú ballaí, talamh bán, láithreáin tógála thréigthe agus áit ar bith eile ar féidir leis greim a fháil, fiú thuas go hard ar fhoirgnimh

  1. “Buddleja davidii” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.
  2. Hussey, Matt (2011). "Tor an fhéileacáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 671.