Tor an fhéileacáin
Buddleja davidii | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Scrophulariaceae |
Géineas | Buddleja |
Speiceas | Buddleja davidii Franch. |
Tom nó crann beag duillsilteach is ea tor an fhéileacán nó an bhúidlia chorcra (Buddleja davidii).[1] Tá sé dúchasach do réigiúin theo, agus saothraítear is nádúraítear é i gcuid mhaith réigiún eile. Bláthanna beag, i ndathanna éagsúla, go minic cumhra, bailithe i spící dlútha nó crobhaingí cruinneogacha. An-tarraingteach d'fheithidí, féileacáin go háirithe, rud a mhíníonn an t-ainm.
Tor é seo a chuir an luibheolaí Éireannach Agaistín Henry chun na hEorpa ón tSín ag deireadh an 19ú haois mar thor ornáideach. Tugadh faoi deara go raibh sé ionrach den chéad uair nuair a choilínigh sé láithreacha buama i Londain le linn an Dara Cogadh Domhanda.[2] In Éirinn, tá sé ag scaipeadh go seasta ó na 1960idí, ag coilíniú ballaí, talamh bán, láithreáin tógála thréigthe agus áit ar bith eile ar féidir leis greim a fháil, fiú thuas go hard ar fhoirgnimh
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Buddleja davidii” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tor an fhéileacáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 671.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol planda é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |