Tomás Mac Muiris Mac Gearailt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Tomás Mac Muiris
Tiarna Uí Chonnaile
Dáta breithe circa 1175
Dáta báis 1213
Réamhtheachtaí Muiris Mac Gearailt
Rítheaghlach Teaghlach Mhic Ghearailt Dheasmhumhan
Céile Ellinor de Marisco
Caisleán Sheanaid:  Ceannáras  Thomáis Mhic Mhuiris Mhic Ghearailt ab ea an caisleán seo..

Tiarna Uí Chonghaile ab ea Tomás Mac Muiris Mac Gearailta bhfuair ceannas ar Sheanaid [1], [2](c. 1175 - 1213) de Sheanaid, agus ba Thiarna Llansteffan é a athair Muiris, agus uaidhsean a shíolraigh Teaghlach Dheasmhumhan,[3] in Éirinn, agus deartháir Gerailt Mhic Mhuiris, 1ú Iarla Uíbh Fhailí, agus uaidhsean a shíolraigh Teaghlach Chill Dara.

Ba é an Normannach Hamo de Valognes, a bhfuair duthaigh Uí Chonaill Ghabhra i Luimneach mar bhronntanas ón Phríonsa Eoin, Tiarna ar Éireann, a thug ar na Gearlataigh lonnú san duthaigh seo, don chéad uair.a bhliain 1210, rinne Tomás in éineacht le Geoffrey de Marisco i gceannas ar fhórsa trúpaí Angla-Normannach a bhí bailithe i gCúige Mumhan, ionradh ar Chúige Chonnacht, agus le lucht leanúna Donnchad Cairprech Ó Briain, Rí Thuamhan. Chuidigh an t-ionradh seo le brú a chur ar Cathal Crobhdearg Uí Chonchobair, Rí Chonnacht dul i mbun caibidlíochta le John de Gray, Giúisteoir na hÉireann.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Otway-Ruthven, A.P. (1993). "A History of Medieval Ireland". New York: Barnes & Noble Books. 
  2. Webb, Alfred. A Compendium of Irish Biography. Dublin: 1878.
  3. Burke, Bernard, A Genealogical History of the Dormant, Abeyant, Forfeited, and Extinct Peerages of the British Empire. London: Harrison. 1866. p. 204