Jump to content

Tomás Ó Míocháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomás Ó Míocháin
Beathaisnéis
Breithc. 1730
Bás9 Nollaig 1804
73/74 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

File, scríobhaí agus máistir scoile Cláiríneach ab ea Tomás Ó MíocháinUa Míodhcháin (Béarla: Thomas Meehan; 1730 – 9 Nollaig 1804).[1]

In Áth Solas in aice Inis Chontae an Chláir a rugadh an Míochánach arbh é an dara mac é ag John Meehan, feirmeoir. [2] Fuair Ó Míocháin oideachas scoil scairte aige baile. Tuairimítear gur fhreastail sé ar scoil mhatamaitice i Luimneach agus bhíodh an Míochánach ag obair le linn na 1760idí ansin agus mar shuirbhéir talún i Sráid na Cathrach. Timpeall ar an mbliain 1770 a chuir Ó Míocháin faoi in Inis mar ar bhunaigh sé scoil mhatamaitice do scoláirí ní ba shine.[2]

Is cosúil gurb é a sheal i Luimneach a spreag féith na filíochta sa Mhíochánach, bhí saol liteartha beo sa chathair áit a raibh caidreamh leis le scríobhaithe eile mar atá Aindrias Mac Mathghamhna, Séamus Bonnbhíol, Diarmaid Ó Maolchaoine agus Séan Lúid. Is mó a bhain saothar Uí Mhíocháin leis an bpolaitíocht agus bhí téamaí réabhlóidí Seacabaíteacha soiléir ina chuid oibre.

Fuair Ó Míocháin bas in 1804 agus cuireadh é sa mhainistir i gCuinche. Tá filíocht Uí Mhíocháin ar fáil sa leabhar Tomás Ó Míocháin: Filíocht (eag. Diarmuid Ó Muirithe, 1988) agus tá dánta lena dheartháireacha Domhnall agus Seán ar marthain chomh maith.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó MÍOCHÁIN, Tomás (c.1730–1804) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. 2.0 2.1 Morley, Vincent (October 2009). “Ó Míodhcháin (Ó Míocháin), Tomás (Meehan), Thomas”. Royal Irish Academy. Dáta rochtana: 10 July, 2025.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]