Tomás Ó Coinnialláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomás Ó Coinnialláin
Beathaisnéis
Breith1640
Bás1698
57/58 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois
UirlisCláirseach

Musicbrainz: 3a583c2d-15af-4db9-8e25-30ab0c76afb3 Discogs: 3685765 Cuir in eagar ar Wikidata

Cláirseoir agus cumadóir Éireannach ba ea Tomás Ó Coinnialláin (c. 1625 – 1698).

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh an Coinniallánach i gCluain na Maithín, Co. Shligigh timpeall na bliana 1625.[1] Ba chláirseoirí é féin agus a dheartháir Liam Ó Coinnialláin (Béarla: William Connellan).

Deirtear gur chum Tomás idir 700 agus 800 fonn, cé nár mhair ach dornán beag díobh sin. Is iad na foinn is cáiliúla dá chuid atá againn inniu ná “Molly St. George”, “Fáinne Geal an Lae”, ar a dtugtar freisin "An Réalt Órga", [2] "Love in Secret", agus "Planxty Davis". Tá cosúlachtaí idir “Fáinne Geal an Lae” agus an tséis a chastar le dán an fhile Éireannaigh Patrick Kavanagh On Raglan Road.[3]

Dar le Airt Uí Néill / Arthur O'Neill (1734-1818);

"Thomas Conlan (Coinnialláin) the great harper was born before my time. I heard he played very well. He made himself conspicuous in Scotland by means of the tune Lochaber, which he plastered on the Scots as one of his own compositions whereas it is well known it was composed by Miles O'Reilly of Killinkere, in the county Cavan under the name of 'Limerick's Lamentation (Marbhnaí Luimnigh).' However Conlan arrived to city honours in Edinburgh, chiefly by means of that tune among others. I heard they made him a bailie or burgomaster in Edinburgh where he died." (p. 13)

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Harpers Connellan: Irish Music of the late 17th Century. The Life and Times of the Sligo Harpers William and Thomas Connellan , CD leis an gcláirseoir Kathleen Loughnane (2009), ISBN 9790900201331.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Helen Lawlor: "Connellan brothers", in: The Encyclopaedia of Music in Ireland, eag. Harry White and Barra Boydell (Baile Átha Cliath: UCD Press, 2013), l. 234–5.
  2. Edward Bunting: The Ancient Music of Ireland (Baile Átha Cliath, 1840).
  3. Peter Kavanagh: Sacred Keeper (Cill Dara: Goldsmith Press, 1980), l. 126.