Jump to content

Tomás Ó Cathaláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomás Ó Cathaláin

Bhí Tomás Ó Cathaláin (Béarla: Thomas Culhane; 18911969) ar an mbeagán fíorscoláirí Gaeilge a bhí le fáil san Astráil sa chéad chuid den 20ú haois. Rugadh in Éirinn é agus chuir sé féin agus a bhean chéile fúthu in Melbourne, áit ar lean an Cathalánach air ag saothrú na teanga, ag déanamh taighde agus ag spreagadh daoine eile chun Gaeilge a úsáid.

Rugadh an Cathalánach sa Ghleann i gContae Luimnigh agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhungairit, i gCliarscoil na Naomh Uile i mBaile Átha Cliath agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Bhíodh sé ina thimire de chuid Chonradh na Gaeilge in iarthar Chontae Luimnigh agus i dtuaisceart Chontae Chiarraí.

Cé go raibh sé ar a shuaimhneas san Astráil bhí saghas cumha air uaireanta i ndiaidh an bhaile agus aiféala air de bharr Éire a fhágáil.[1]

Tháinig sé féin agus a bhean chéile, Kathleen Naughton, chun na hAstráile sa bhliain 1927. Bhí MA sa Léann Ceilteach aige ach níor éirigh leis obair a fháil a bhí inchurtha lena n-oiliúint. Ar dtús chuaigh sé ag obair ar fheirm uncail Kathleen, ansin mar chléireach i monarcha lón cogaidh, ansin in oifig Standard Motors.

Mar sin féin, lean sé gan stad den scoláireacht. Bhíodh sé ag scríobh chun scoláirí in Éirinn agus fuair irisí léinn le síntiús. Thugadh sé cainteanna don Melbourne Aisling Society agus scríobhadh ailt faoi stair na hÉireann don Advocate, nuachtán Caitliceach.

Rinne sé speisialtacht de stair an Ghleanna, agus scaip sé toradh a chuid taighde sna litreacha a scríobhadh sé abhaile.

Caint agus comhrá

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thagadh Gaeilgeoirí agus cainteoirí dúchais le chéile ar an Domhnach i dteach an Chathalánaigh in Brunswick in Melbourne. Bhíodh idir Astrálaigh agus Éireannaigh ann. Ar na hÉireannaigh bhí an sóisialach Mícheál Ó Ceallacháin, oibrí fáin ó Oileáin Árann. Scríobh a dheirfiúr Máire Ní Cheallacháin Gaeilge sa Bhaile, Irish at Home, leabhar a raibh an oiread sin éilimh air in Éirinn, i Meiriceá agus san Astráil gurbh fhiú an dara heagrán a chur amach.

  1. Home Thoughts from Abroad, Glin Historical Society, luaite in Noone 2012, lch 141.

Liosta stairiúil lucht Gaeilge san Astráil