Tokoeka
Jump to navigation
Jump to search
Tokoeka | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||
Aicmiú eolaíoch | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
|
Is spéiceas cíobhaí é Tokoeka. Tá sé chomh mór leis an gCíobhaí Mór Breac, tríd is tríd, agus é dealraitheach leis an gCíobhaí Donn, cé go bhfuil sé níos dathéadroime. Is léir ón DNA is sine go raibh sé le fáil ar chósta thoir an Oileáin Theas tráth.
Fospéiceas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá cúpla fospéiceas ann:
- Tokoeka Oileáin Stewart (Apteryx australis lawryi).
- Tokoeka na gCaolsáilí Thuaidh (Apteryx australis ?) agus Tokoeka na gCaolsáilí Theas (Apteryx australis ?) in iardheisceart an Oileáin Theas.
- Tokoeka Haast (Apteryx australis ?), an fospéiceas is teirce agus gan ann ach timpeall 300 éan. Tugadh aitheantas dó sa bhliain 1993. Le fáil i limistéar cúng iargúlta i Sléibhte Haast san Oileán Theas. Gob air atá níos cuaire ná mar is gnách, agus clúmh sách rua air.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |