Cíobhaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCíobhaí
Apteryx Cuir in eagar ar Wikidata

cíobhaí donn an Oileáin Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Modh gluaiseachtadéchosachas Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdApterygiformes
FineApterygidae
GéineasApteryx Cuir in eagar ar Wikidata
Shaw, 1813
Léarscáil de raon an tacsóin
Ceantair eindéimeacha

Is éan é an cíobhaí[1] atá le fáil sa Nua-Shéalainn, agus baint aige leis na Apterygidae. Níl cumas eitilte aige.

Tugtar aitheantas do chúig speiceas agus iad go léir i mbaol. Is é an dífhoraoisiú is mó a rinne díobháil dóibh, ach tá cuid mhaith dá ngnáthóg le fáil i limistéir chaomhnaithe anois. Tá siad i gcontúirt fós de bharr theacht na gcreachadóirí mamacha.

Spéicis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúig speiceas aitheanta ann (agus ceithre fhospéiceas ag ceann acu), agus speiceas eile nár tugadh cuntas foirmiúil fós air.

  • Is é an speiceas is toirtiúla an Cíobhaí Mór BreacRoroa (Apteryx haastii). Tá sé timpeall 45 cm ar airde agus tá meáchan timpeall 3.3 cg ann. (Tá meáchan timpeall 2.4 cg sna héin fhireanna.) Tá clúmh liathdhonn ar an speiceas seo agus stríoca i leith na báine ann. Beirtear aon ubh amháin agus gorann an dá thuismitheoir í. Meastar go bhfuil os cionn 20,000 éan den speiceas seo ann agus iad spréite faoi shléibhte iarthuaisceart Nelson, faoin gcuid thuaidh den Chósta Thiar agus faoi Alpa an Deiscirt.
  • Rinne muca, cait agus easóga (ainmhithe a thug na coilínigh isteach leo) slad ar an gCíobhaí Beag Breac (Apteryx owenii), éan gan toirt. Díothaíodh ar an mór-roinn é ach tá timpeall 1,350 ceann den speiceas ar Oileán Kapiti agus tugadh isteach in oileáin shábháilte eile é. Dealraíonn sé go bhfuil sé ag pórú ann. Níl sé ach 25 cm ar airde agus tá meáchan 1.3 cg san éan baineann. Beirtear aon ubh amháin agus gorann an t-éan fireann í.
Dáileadh gach speicis de Chíobhaí
Ó thaobh na láimhe clé: Cíobhaí Donn (Apteryx australis), Cíobhaí Beag Breac (Apteryx owenii) agus Cíobhaí Mór Breac (Apteryx haastii), Auckland War Memorial Museum
  • * Aithníodh an Rowi (Cíobhaí Donn OkaritoApteryx rowi) mar speiceas nua sa bhliain 1994[2]. Tá imir liath sa chlúmh agus uaireanta tá cleití bána ar an ngrua. Is féidir leis na héin bhaineanna trí ubh féin a bhreith i séasúr amháin, agus gach ceann acu i nead difriúil.

Déanann an dá thuismitheoir na huibheacha a ghoradh. Níl an t-éan seo le fáil anois ach i limistéar beag ar chósta thiar an Oileáin Theas. Is léir ón DNA is sine, áfach, go raibh sé spréite níos forleithne fadó, agus nach raibh aon chíobhaí eile le fáil i ndeisceart an Oileáin Thuaidh.[3]

  • Tá an Tokoeka (Apteryx australis) measartha coitianta i ndeisceart agus in iarthar an Oileáin Theas i ngach áit dá airde beagnach. Tá sé chomh mór leis an gCíobhaí Mór Breac, tríd is tríd, agus é dealraitheach leis an gCíobhaí Donn, cé go bhfuil sé níos dathéadroime. Is léir ón DNA is sine go raibh sé le fáil ar chósta thoir an Oileáin Theas tráth.[3] Tá cúpla fospeiceas ann:
    • Tokoeka Oileáin Stewart (Apteryx australis lawryi).
    • Tokoeka na gCaolsáilí Thuaidh (Apteryx australis ?) agus Tokoeka na gCaolsáilí Theas (Apteryx australis ?) in iardheisceart an Oileáin Theas.
    • Tokoeka Haast (Apteryx australis ?), an fospeiceas is teirce agus gan ann ach timpeall 300 éan. Tugadh aitheantas dó sa bhliain 1993. Le fáil i limistéar cúng iargúlta i Sléibhte Haast san Oileán Theas. Gob air atá níos cuaire ná mar is gnách, agus clúmh sách rua air.
  • Cíobhaí Donn an Oileáin Thuaidh (Apteryx mantelliApteryx australis roimh 2000). É coitianta i dTuaisceart an Oileáin Thuaidh. Timpeall 35,000 éan ann. Na héin bhaineanna timpeall 40 cm ar airde agus meáchan timpeall 2.8 cg iontu. Meáchan timpeall 2.2 cg sna héin fhireanna. Éan seiftiúil é a thaithíonn a lán gnáthóg, go fiú áiteanna ar fhág daoine a rian orthu. Clúmh biorach rua air. Dhá ubh de ghnáth agus iad á ngoradh ag an éan fireann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Apteryx” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. http://www.doc.govt.nz/conservation/native-animals/birds/land-birds/kiwi/rowi-formerly-okarito-brown-kiwi/%7Ctitle=Rowi[nasc briste go buan]: New Zealand native land birds|publisher=New Zealand Department of Conservation (DOC)
  3. 3.0 3.1 Shepherd, L.D. & Lambert, D.M. (2008)

Leabhair agus ailt[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bizarre and Beautiful Noses. Sante Fe, New Mexico: John Muir Publications, 1993.
  • Cooper, Alan et al. (2001). "Complete mitochondrial genome sequences of two extinct moas clarify ratite evolution." Nature, 409: 704-707.
  • Davies, S.J.J.F., eagarthóir, Hutchins, Michael, Grzimek's Animal Life Encyclopedia, 'Kiwis,' eagrán 2 (2003), Gale Group: imleabhar 8, 'Birds I Tinamous and Ratites to Hoatzins,' Farmington Hills, MI. ISBN 0-7876-5784-0. Lgh 89–90.
  • "Shy envoys off on their OE," Eloise Gibson, New Zealand Herald, 29/04/2010.
  • "Latin Names Explained. A Guide to the Scientific Classifications of Reptiles, Birds & Mammals" (1995). London: Facts on File. 
  • Piper, Ross (2007), Extraordinary Animals: An Encyclopedia of Curious and Unusual Animals, Greenwood Press
  • Shepherd, L.D. & Lambert, D.M. (2008) Ancient DNA and conservation: lessons from the endangered kiwi of New Zealand Molecular Ecology 17, 2174–2184