Tlachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, bandraoi cumhachtach ab ea Tlachta (Sean-Ghaeilge Tlachtga). Bhí gaol ar leith aici le Cnoc Tlachta, áit a bhíodh féilte suntasacha ann ina onóir le linn na meánaoise.

Seanscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir seanscéil, iníon rua an draoi Mogh Rotha ab ea Tlachta. Chuaigh sí ina theannta ag taisteal ar fud an domhain, ag foghlaim a rúin dhraíochta agus ah teacht ar clocha diaga san Iodáil.

Éigníodh í ag triúr mhac an draoi Simon Magus, meantóir a hathar, agus d'fhill sí ar ais go hÉirinn agus thug sí trírín ar an saol, dárbh ainmneacha Cumma, Doirb agus Muach, leanbh amháin le gach athair. Rugadh iad ar an gcnoc ainmnithe in am trátha as a máthair. Is téama coitianta é an trírín i Miotaseolaíocht na nGael, agus cuireann a bás de bhrón agus dún tógtha ag a huaigh scéal Mhacha i gcuimhne.

Cnoc diaga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cnoc Tlachta suite i gContae na Mí, agus bhí a cheiliúradh inchurtha le hiad siúd ag Tailte. Ba é lasadh thine an gheimhridh ag oíche Shamhna an ceiliúradh is tábhactaí a bhíodh ar siúl ann.

Tógadh ráth are an gcnoc, a bhí gaolta le ríthe na Mí agus le ríthe na Mumhan araon. Bhí clú ag an áit sa mheánaois óir gur creideadh go raibh an roth rámach le Mogh Rotha feicthe ann, agus gur eagraigh Ard-Rí na hÉireann, Ruaidrí Ua Conchobair ollchruinniú in 1168 ann.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • James MacKillop (1998), Dictionary of Celtic Mythology. Londain: Oxford. ISBN 0-19-860967-1.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]