Titim an droichid Francis Scott Key
| ||||
Cineál | timpiste loinge ship collision (en) | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 26 Márta 2024 (01:27. an tAmchrios Oirthearach) | |||
Suíomh | Droichead Francis Scott Key, Maryland Baltimore, Maryland , Contae Baltimore, Maryland | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Cúis | bridge strike (en) timpiste loinge | |||
Líon básanna | 6 | |||
Líon gortaithe | 2 | |||
Líon ar iarraidh | 2 (15 Aibreán 2024) | |||
Líon na marthanóirí | 2 | |||
Scriosta | Droichead Francis Scott Key | |||
Meán cumarsáide | ||||
Haischlib | #BaltimoreBridgeCollapse |
Thug an droichead Francis Scott Key i mBaltimore, Maryland, uaidh nuair a bhuail long choimeádán ceann de na piléir thaca ina lár ag thart ar 1.28am, 26 Márta 2024.[1]
Meastar gur thit seacht bhfeithicil san abhainn ach níltear cinnte fós cé mhéad duine a bhí iontu.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]2.6 ciliméadar ar fhad atá Droichead Francis Scott Key a théann trasna Abhainn Patapsco in iardheisceart Baltimore.[2] Téann an Patapsco isteach i gCuan Chesapeake ar thairseach an Aigéin Atlantaigh.
Droichead cruach trus is ea é a bhfuil ceithre lána ann. Ar ceann de mhórbhealaí stát Maryland is ea é. Osclaíodh é i 1977 agus chuaigh os cionn 11 milliún feithicil thairis sa bhliain 2023.
Tá Baltimore ar cheann de na calafoirt is gnóthaí sna Stáit Aontaithe. Is é Port Baltimore an port is gnóthaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le heaspórtáil gluaisteán agus tá sé thar a bheith tábhachtach le haghaidh lasta freisin.
Tubaiste
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuail long choimeádán, atá cláraithe i Singeapór, an droichead i bpríomhphort na cathrach.[3]
Bhí beirt phíolótaí ar bord ag an am. Tharla cliseadh cumhachta ar an long timpeall 1.24am agus seoladh comhartha guaise nóiméad roimh an imbhualadh. Tháinig gach duine den chriú slán sábháilte as.[2]
Dúnadh an droichead timpeall 1.27am-1.28am. Thit an droichead san fharraige de réir a cheile, idir 1.28am agus 1.30am, de bharr an damáiste a rinneadh don tacaíocht nuair a tharla an t-imbhualadh.
Bhí ochtar ag obair ar an droichead nuair a tharla an timpiste agus tugadh tarrtháil ar bheirt acu. Maraíodh an seisear eile.
Tógfaidh sé tamaillín an droichead a atógáil agus tá imní ann faoin tionchar ar shlabhraí soláthair an domhain.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ RnaG ADHMHAIDIN (27 MÁRTA 2024). "Noel Fahy, Na Stáit Aontaithe." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-03-31.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-03-26). "Daoine ar iarraidh tar éis do dhroichead tabhairt uaidh" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 Conradh na Gaeilge, Londain (30 Márta 2024). "Nuacht Mhall (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-31.