Tiontú analógach/digiteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas ina dtiontaítear comhartha analógach, cosúil le voltas, i bhfoirm dhigiteach ar féidir a úsáid i ríomhaire digiteach. Déantar an tiontú le ciorcaid leictreonacha ar leith a dtugtar tiontairí analógacha/digiteacha (A/D) orthu. Iad féin agus a mhalairt, tiontairí D/A, coitianta i bpróisis ríomhrialaithe.