An Bhliain 1912

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó The Year 1912)
WD Bosca Sonraí LeabharAn Bhliain 1912
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMáirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Seánragearrscéal Cuir in eagar ar Wikidata

Gearrscéal Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain é An Bhliain 1912 a foilsíodh in An Braon Broghach.

Imeachtaí an Scéil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scéal é seo a thosaíonn le trunc cailín a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar Mheiriceá gan mhoill. Cuireann an trunc as do mháthair an chailín. Níl an mháthair ag iarraidh go rachaidh sí. Tugann sí comhairle don iníon ach goilleann a himeacht uirthi go mór. Bíonn cóisir imeachta ann agus daoine ag fágáil céad slán aici, is feiceann an mháthair go bhfuil grá ag a hiníon do Phádraigín Pháidín, is feictear di gur fada an lá ó fheicfidh sí a hiníon. Ríomhtar scarúint thruamhéileach beirte is an iníon lán den bhuairt is den dóchas araon.

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistríodh an scéal seo go Béarla sa leabhar The Road to Brightcity le hEoghan Ó Tuairisc faoin teideal "The Year 1912". D'fhoilsigh Poolbeg Press i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1981 é.