The Substance (scannán 2024)
Is scannán corpuafáis é The Substance, a tháinig amach sa bhliain 2024. Cuireann an scannán spot-solas ar an mbrú a chuirtear ar mhná a bheith óg, álainn, tarraingteach agus 'foirfe' sa tsochaí ina mairimid agus i saol Hollywood go háirithe.[1]


Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuirtear ar dtús an príomhcharachtar, Elisabeth Sparkle (Demi Moore) in aithne dúinn agus feicimid í ag dul in aois – gan súil a leagan ar an mbean féin – nuair a dhírítear ar a réalta ar an tsráid ar Hollywood Boulevard a bhfuil cuma ghlan, lonrach agus nua uirthi ar dtús ach a théann i léig le himeacht ama, díreach cosúil leis an mbean féin.
Tuigimid gur dhuine mór le rá í nuair a bhí sí óg ach gur bean í anois a bhfuil an leathchéad bainte amach aici. Cailleann sí a post mar theagascóir corp acmhainne ar an teilifís ar a breithlá, toisc go síleann a léiritheoir graosta, Harvey (Dennis Quaid), go bhfuil sí róshean chun an scór féachana teilifíse atá uaidh a fháil.[1]
Agus Elisabeth ag an bpointe íseal seo ina saol, tugtar deis di triail a bhaint as druga mistéireach, druga atá ar an margadh dubh amháin, a mhaíonn gur féidir leis leagan eile di a chruthú atá níos óige, níos tarraingtí agus níos áille. Níl ach aon choinníoll amháin i gceist: beidh uirthi seachtain amháin a chaitheamh ina corp féin agus an chéad seachtain eile a chaitheamh ina corp óg nua. Caithfidh sí babhtáil ó chorp amháin go corp eile gach uile sheachtain. Chomh fada is a chloíonn Elisabeth leis na rialacha, beidh gach rud go breá. Ach an gcloífidh?
Staid na mban
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is scannán é a scrúdaíonn an choimhlint fhoréigneach inmheánach atá ar siúl in intinn an-chuid ban mar gheall ar an nóisean den ‘bhean idéalach’ atá cruthaithe ag an tsochaí ina mairimid. Chomh luath is a osclaíonn an scannán, ardaítear ceisteanna ábhartha faoi íomhá na mban sa tsochaí sa lá atá inniu ann. Cuirtear in iúl dúinn go soiléir go mbraitheann luach na mban, i saol Hollywood go háirithe, ar a n-aois, a n-áilleacht agus a dtorthúlacht i súile na bhfear.
Tá tréithe an chorpuafáis go mór chun tosaigh sa scannán. Scrúdaítear an choimhlint idir an óige agus an tseanaois tríd an gcaidreamh idir Elisabeth agus a alter ego, Sue. Éiríonn le Sue an post atá caillte ag Elisabeth a fháil gan stró agus cuireann sé go mór isteach ar Elisabeth Sue a fheiceáil ar an teilifís ina háit féin.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 RTÉ / Lára Ní Mhaoláin (2024-09-16). "The Substance - bí óg, bí álainn" (as ga-IE).