The Electronic Intifada
| URL | https://electronicintifada.net/ |
|---|---|
| Cineál | suíomh gréasáin, eagraíocht neamhbhrabúis agus nuachtán ar líne |
| Príomhábhar | Israeli–Palestinian conflict (en) |
| Teanga | Béarla |
| Cruthaitheoir | Ali Abunimah agus Arjan El Fassed |
| Cur i seirbhís | 2001 |
| Ceanncheathrú | Chicago |
| Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Is foilseachán ar líne bunaithe i Chicago [1] é The Electronic Intifada (EI) a chlúdaíonn an choimhlint idir na hIosraelaigh agus muintir na Palaistíne. Déanann an foilseachán cur síos air féin mar eagraíocht neamhbhrabúis, neamhspleách, agus cuireann sé peirspictíocht Phalaistíneach ar fáil.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh na daoine a leanas an iris EI i mí Feabhra 2001; Ali Abunimah, saoránach Meiriceánach de bhunadh na Palaistíne; Arjan El Fassed, gníomhaí ar son chearta an duine atá lonnaithe san Ísiltír; Laurie King, antraipeolaí agus iar-chomhordaitheoir an Fheachtais Idirnáisiúnta um Cheartas d'íospartaigh de 'Shabra agus Shatila', agus eagarthóir bainistíochta na hirise Journal of Palestine Studies in Washington; agus Nigel Parry, comhairleoir Idirlín eicléictiúil, scríbhneoir agus ceoltóir atá lonnaithe in bPittsburgh faoi láthair.