Teoiric na corraíola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, teicníocht a úsáidtear go minic chun neasréitigh a fháil ar chothromóidí a chuireann síos ar chórais fhisiciúla, a bheadh róchoimpléascach le réiteach go cruinn. Scríobhtar na cothromóidí in dhá chuid, cuid amháin ar féidir a réiteach go cruinn, agus cuid níos lú (an chorraíl) a ligeann ceartúcháin ar an gcéad réiteach a ríomh i bhfoirm seichimh téarmaí a laghdaíonn de réir a chéile an t-am ar fad. An-luachmhar i gcuid mhaith réimsí innealtóireachta is fisice, an teoiric chandamach go háirithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teoiric na corraíola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 659.