Teoiric bhrath comharthaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bealach chun comharthaí fisiciúla a bhrath, a saothraíodh in innealtóireacht teileachumarsáide ach a úsáidtear go forleathan i síceolaíocht thurgnamhach. Dá réir seo, nuair a bhítear ag iarraidh na difríochtaí idir dhá fhoinse spreagtha a bhrath, bíonn na freagairtí faoi riaradh ag dhá fhachtóir, íogaireacht an bhreathnóra agus critéir cinnte an bhreathnóra. Soláthraíonn sí dianbhealaí is uirlisí matamaiticiúla chun an dá fhachtóir seo a thomhas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teoiric bhrath comharthaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 658.