Jump to content

Teodailít

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leica Geosystems, teodailít nua-aimseartha

Is é is teodailít ann ná ionstraim optúil suirbhéireachta chun rinnuillinneacha, agus níos tábhachtaí fós, uillinneacha cothrománacha a thomhas. Teileascóp beag atá ann ina bhfuil téada damháin alla, atá inghluaiste thar scálaí ciorclacha grádaithe, agus ceann amháin acu cothrománach is an ceann eile ingearach. Déantar é a ghléasadh de ghnáth ar sheastán cothrománach tríchosach seasmhach.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teodailít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 658.