Teilitéacs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Seirbhís eolais de shonraí alfa-uimhriúla is léaráidí simplí a tharchuirtear mar leathanaigh scoite i bhfoirm atá códaithe go digiteach sna heatraimh réimse bánaithe den chomhartha teilifíse tarchurtha. Is féidir an t-eolas is deireanaí, ceannlínte nuachta, torthaí spóirt, léarscáileanna aimsire is a leithéid a léiriú ar theilifíseán baile ach díchódóir is roghnóir leathanaigh a bheith ag an úsáideoir, áiseanna a bhíonn ar chianrialaitheoir an teilifíseáin le blianta fada anois.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teilitéacs". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 654.