Teascadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Obráid máinliachta ina mbaintear ball den cholainn de bharr galair nó gortaithe. Déantar é nuair a bhíonn damáiste doleasaithe déanta don bhall ionas nach bhfeidhmíonn sé, agus baol go leathfaidh galar nó ionfhabhtú don chuid eile den cholainn. Go minic is gá méar láimhe, méar coise, nó fiú géag iomlán a theascadh mar thoradh ar aimhréidh diaibéitis. Uaireanta is féidir próistéis a chur in ionad an bhaill theasctha (mar shampla, cos shaorga).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teascadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 648.