Teannas dromchla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Airí dromchla leachta. Soláthraíonn sé an saghas craicinn a dhealraíonn a bheith ar leachtanna, a choinníonn ola i mbraoiníní is a ligeann d'fheithidí áirithe locháin siúl ar an uisce. Éiríonn sé ón bhfíoras nach bhfuil aon mhóilín leachta sa dromchla timpeallaithe ag móilíní an leachta de bhrí go bhfuil aer i dteagmháil leis os a chionn. Bíonn fórsa aomtha na móilíní leachta faoin dromchla níos láidre ná an fórsa lag aomtha ón aer os a chionn. Tomhaistear an teannas dromchla i niútain in aghaidh an mhéadair (N m-1). Braitheann teannas dromchla leachta ar an teocht (laghdaíonn sé nuair a ardaíonn an teocht) agus an gás atá i dteagmháil leis. Bíonn cuma leaisteach ar dhromchlaí leachtanna, mar shampla i mbolgáin aeir is scannáin gallúnaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teannas dromchla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 647.