Teannáil an bháis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Stalcadh neamhbhuan iarbháis na colainne mar gheall ar ídiú trífhosfáit adanóicín (ATP) agus fosfaraíl chréitínín sna snáithíní matánacha cnámharlaigh. Braitheann a tús cuid mhaith ar chúis an bháis is teocht na timpeallachta, ach tosaíonn sí de ghnáth timpeall 3 uair tar éis bháis agus bíonn iomlánaithe timpeall 9 n-uair ina dhiaidh sin. Leanann sí ar feadh 3-4 lá, agus ansin filleann boige don cholainn.