Teanga chomharthaíochta
| Cineál | cineál teanga |
|---|---|
| Úsáid | |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga teangacha chomharthaíochta | |
| Tréithe | |
| Staidéar ag | sign linguistics (en) |
| Stair | history of sign language (en) |
| Cóid | |
| ISO 639-2 | sgn |
| ISO 639-5 | sgn |
| Glottolog | sign1238 |
| Ethnologue | 2 |
| ASCL | 97 |
| IETF | sgn |
Is éard is teanga chomharthaíochta (ar a dtugtaí nodaireacht chomharthaíochta tráth[1]) ann ná teanga a bhaineann úsáid as an modúlacht amhairc in ionad focail labhartha chun smaointe a chomhroinnt. Agus teangacha comharthaíochta á n-úsáid ag comharthóirí, baintear leas as na lámha i dteannta le marcóirí neamhláimhe chun brí a chur in iúl. Is teangacha nádúrtha iomlána iad teangacha comharthaíochta, a bhfuil a gcuid gramadaí agus stór focal féin acu.[2]

Teangacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá iliomad teangacha comharthaíochta ann agus ní bhíonn siad intuigthe dá chéile de ghnáth,[3] cé go bhfuil cosúlachtaí áirithe idir teangacha comharthaíochta éagsúla freisin.
Dar le teangeolaithe, is cineálacha teanga nádúrtha iad an chumarsáid labhartha agus an chumarsáid chomharthaíochta araon, rud a chiallaíonn gur tháinig an dá acu chun cinn trí phróiseas teibí fadtéarmach agus gur fhorbair siad le himeacht ama gan bheith faoi réir mionphleanála.[4]
Ní hionann teanga chomharthaíochta agus comharthaíocht choirp, saghas cumarsáide neamhbhriathartha.
Cibé áit a bhfuil pobal bodhar, d'fhorbair teanga chomharthaíochta ann mar mhodh áisiúil cumarsáide. Cé gur i measc daoine bodhra agus daoine faoi allaíre a úsáidtear comharthaíocht láimhe den cuid is mó, bíonn sí á húsáid ag daoine a bhfuil éisteacht acu freisin, ar nós daoine nach bhfuil ar a gcumas labhairt, daoine a bhfuil deacrachtaí acu le teanga labhartha mar gheall ar mhíchumas nó fadhb shláinte (cumarsáid mhalartach), agus iad siúd a bhfuil daoine muinteartha bodhra acu.
Ta tuairim is 300 teanga chomharthaíochta in úsáid ar fud an domhain faoi láthair agus 30 teanga chomharthaíochta in úsáid san Afraic.[5] Go hiondúil bíonn a teanga chomharthaíochta dhúchais féin ag gach tír, ach bíonn níos mó ná ceann amháin ag cuid acu. Tá stádas oifigiúil bainte amach ag roinnt teangacha chomharthaíochta.

Teicneolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí na Samhna 2025, bronnadh duais le deireanas ar aip nua a aistríonn an chaint ó bhéal go teanga na comharthaíochta, "cosúil le Google Translate do theanga na comharthaíochta".[5] Dhear Elly Savatia, as an gCéinia, an aip Terp 360 a bhuaigh £50,000 (€57,000) ó Acadamh Ríoga na hInnealtóireachta sa Bhreatain.
Cuireann an uirlis ateangaireacht ar fáil ón gcaint ó bhéal go teanga na comharthaíochta i bhfíor-am gan ateangairí daonna. ‘Éisteann’ an aip leis an gcaint ó bhéal agus taispeántar ar an scáileán ábhatair a dhéanann na comharthaí cuí.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "téarma.ie". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-01-11.
- ↑ Sandler, Wendy; & Lillo-Martin, Diane. (2006). Sign Language and Linguistic Universals. Cambridge: Cambridge University Press.
- ↑ “What is Sign Language?”. Linguistic society. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 February 2018. Dáta rochtana: 10 March 2018.
- ↑ E.g.: Irit Meir, Wendy Sandler, Carol Padden, and Mark Aronoff (2010): Emerging Sign Languages. In: Marc Marschark and Patricia Elizabeth Spencer (eds.): The Oxford Handbook of Deaf Studies, Language, and Education, Vol. 2, pp. 267–80.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Maitiú Ó Coimín (1 Nollaig 2025). "Duais buaite ag aip a dhéanann ateangaireacht ón gcaint ó bhéal go teanga na comharthaíochta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-01.