Bodhaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Siombal idirnáisiúnta don bhodhaire

Neamhábaltacht nó ábaltacht laghdaithe fuaimeanna seachtracha a aireachtáil. Tarlaíonn bodhaire sheolta nuair a bhíonn bac ar tharchur na fuaime ar feadh an chanáil sheachtrach cloisteála (mar gheall ar chéir sa chluas), nó de bharr mínormáltachtaí i dtiompán na cluaise nó cnámhóga na cluaise láir (mar gheall ar ionfhabhtú). Muna féidir le duine a bhfuil bodhaire sheolta air fuaim a aireachtáil, cloisfidh sé an fhuaim má aimplítear a dhóthain í. Tarlaíonn bodhaire chéadfainéarógach má bhíonn damáiste déanta don chochla, an néaróg aireachtála nó na láir aireachtála san inchinn. Sa chás seo is minic a bhíonn an laghdú san aireachtáil éagothrom ag gach minicíocht, agus nuair a aimplítear fuaim is minic a bhíonn sí díchumtha. Is féidir go dtarlóidh an bhodhaire seo mar thoradh ar dhrugaí áirithe, nochtadh iomarcach do thorann tionsclaíoch nó eile, nó mar phróiseas normálta aoisithe.