Teampall Neimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard atá le feiscint insa phictiúr so ná halla na n-urnaithe le haghaidh an fhómhair.

Séadchomhartha atá suite i Xuanwu, ceantar stairiúil i ndeisceart chathair Béising na Síne, is ea Teampall Neimhe (Sínis shimplithe: 天坛; Sínis thraidisiúnta: 天壇; pinyin: tiān tán).

Tógadh an t-ionad teampall ar a dtugtar Teampall Neimhe idir an bhliain 1406 agus an bhliain 1420 agus do bhí ról tábhachtach aige i saol na Síne nuair a bhí an t-impire i gceannas uirthi. De réir dhearcadh na Síne impiriúla, ba é an t-impire "Mac Neimhe" agus go raibh air meas a léiriú ar a sinsir (.i. muintir Neimhe) chun ord 'is eagar a choinneáil i mbeatha saolta an chine dhaonna.

Meastar gurb é Teampall Neimhe an sampla is fearr d'ailtireacht thraidisiúnta na Síne agus tá áit aige ar liosta Shuímh Oidhreachta Domhanda, liosta a raibh an teampall san curtha leis insa bhliain 1998.