Teaghráin
Cuma
Teoiric mheabhraitheach chandamach a chuimsíonn na fórsaí nádúrtha go léir, agus a dhéanann iarracht na deacrachtaí a bhain le scéimeanna aontaithe na bhfórsaí a saothraíodh roimhe seo leis an imtharraingt a chuimsiú. Thairg an fisiceoir Briotanach Micheal Green is an fisiceoir Meiriceánach John Schwartz an scéim seo i 1984. Tá an teoiric bunaithe ar bhunsreangán fo-mhicreascópach fadaithe, in ionad an ghnáthbhunphointe, agus cuimsíonn an fhorshiméadracht. Níl an teoiric comhsheasmhach ach i 10 dtoise, agus níl aon fhianaise ná sonraí turgnamhacha a thacaíonn léi.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teaghráin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 645.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |