Teach na nGealt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinTeach na nGealt
Cineálsuíomh gréasáin Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Is fóram lán-Ghaeilge é Teach na nGealt a bunaíodh ar 6 Márta 2007 ar boards.ie (an suíomh gréasáin is mó le haghaidh plé agus díospóireachta in Éirinn).

Bunaíodh an fóram seo mar gur mothaíodh nár leor an fóram a bhí ann le haghaidh na Gaeilge go dtí sin ar boards.ie. Bhí fóram dátheangach ann cheana le haghaidh cúrsaí Gaeilge, ach cheap go leor ball go raibh sé róthógtha le Béarlóirí ag cur ceisteanna faoin nGaeilge, in áit gnáthchomhrá as Gaeilge.

Ghlac riarthóirí an tsuímh leis an smaoineamh nua seo agus bunaíodh an fóram nua mar chuid den fhóram 'After Hours' agus an t-ainm 'Tar éis na hUaire' air.

Rinneadh vótáil san fhóram Gaeilge nua maidir le hainm nua a bhaisteadh air, agus bhí an bua ag an ainm scigmhagúil 'Teach na nGealt'.

Nascanna[cuir in eagar | athraigh foinse]