Fóram lán-Ghaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ionann fóram lán-Ghaeilge agus fóram cainte ar an idirlíon ina mbíonn an plé go léir trí Ghaeilge, in áit faoin nGaeilge. Tá go leor fóram ann ar fud an idirlín le haghaidh na Gaeilge, ach bíonn an chuid is mó acu gafa le Béarlóirí ag cur ceisteanna faoin nGaeilge as Béarla. Cé go mbíonn roinnt Gaeilge in úsáid sna háiteanna seo, is gnách go mbíonn an Béarla go hiomlán in uachtar mar theanga an fhóraim.

Mar sin is minic go mbíonn fóraim lán-Ghaeilge ann inar féidir le lucht na Gaeilge líofa (nó leathlíofa) a bheith ag cabaireacht leo faoi ghnáthchúrsaí an tsaoil as Gaeilge, in áit a bheith ag síorchaint faoin teanga féin agus cúrsaí gramadaí/foclóra.

Naisc le fóraim lán-Ghaeilge éagsúla[cuir in eagar | athraigh foinse]