Teach dubh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is foirgneamh traidisiúnta Gaelach é teach dubh a bhíodh coitianta in Éirinn agus in Albain.

De ghnáth, thógtaí na tithe seo le ballaí dúbailte pacáilte le hithir, uaireanta aoldaite (tugtar teach geal air sa chás sin), fuinneoga beaga, ceann tuí le sparraí adhmaid agus leaca ar an urlár. Uaireanta, bhí na tithe dubha roinnte idir stábla le haghaidh ainmhithe agus na seomraí ina raibh na daoine ag fanacht. Ba ghnáth don tinteán a bheith i lár an tí, chun an bia a ullmhú agus an teach féin a théamh. Ní minic a bhíodh simléar ann, toisc go dtéadh an deatach amach tríd an tuí féin. Anois tá fothracha tréigthe agus tithe atógtha le feiceáil in an-chuid áiteanna ar fud na Gaeltachta agus na nOileán in Albain, go háirithe in Árnol, in Leòdhas, agus úsáidtear mar thithe samhraidh iad sa lá atá inniu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]