Tarchur aisioncrónach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Prótacal chun sonraí a tharchur ó ríomhaire amháin go ríomhaire eile, ina dtarchuirtear gach carachtar den eolas ina aonar. Tarchuirtear comhartha ag rá go bhfuil an carachtar ag teacht (an giotán dúisithe). Ansin tarchuirtear giotáin an charachtair. Agus ansin tarchuirtear comhartha ag rá go bhfuil an carachtar iomlán tarchurtha (an giotán stoptha).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tarchur aisioncrónach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 643.