Tanaide Mór mac Dúinnín Ó Maolconaire
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 haois |
Bás | 1310 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Staraí agus file Éireannach ba ea Tanaí Mór mac Dúinnín Ó Maolchonaire (Tanaide Mór mac Dúinnín Ó Maolconaire). Connachta, who served as historians and poets to the Síol Muireadhaigh, and their rulers, the Uí Chonchúir ríthe na gConnacht.
Rinneadh Ollamh de sa bhliain 1270, i gcomharbacht ar Dubhshúileach (agus b'fhéidir Dúnlaing) Ó Maolchonaire. Bhí Dúinnín athair Tanaí Mhóir ina Ollamh fosta.[1] Tugtar a ghinealach mar:
- Tanaide Mor mac Dúinnín meic Nede meic Conaing Buide Ó Maolconaire.
Feictear i nAnnála Chonnacht an rann a leanas faoi:
- Ro chaith Tanaide treorach
- mac Duinnin, ollam eolach,
- cethracha bliadan blaidi[2]
- ar lár Lesa Lerthaile.
Is dócha gurbh é Lios Learthaile a áit ollúnachta.
Deirtear ina thásc don bhliain 1310:[3]
- Tanaide h. Maelconaire ollam Sil Muredaigh Muillethain meic Fergusa re filidecht & senchus do ecc i tosach na bliadna-sa .i. isin errach cruaid.
- Tanaide Ó Maolconaire, Ollamh Shíol Muireadahigh, le filíocht agus seachas, d'éag i dtosach na bliana seo, .i. san earrach crua.
Ní fios cé a tháinig go díreach i gcomharbacht air. Ba é Tanaide Ó Maolconaire (eile) an chéad duine eile a fheictear sa phost, a fuair bás sa bhliain 1385.[4]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Annála Chonnacht, AC 1270.18
- ↑ .i . bladh, clú, cáil
- ↑ AC 1310.2
- ↑ AC 1385.15
Réamhtheachtaí Dubsúilech Ó Maolconaire |
Ollamh Shíol Mhuireadaigh 1270–1310 |
Comharba Tanaide Ó Maolconaire |