Talking Heads

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bosca Sonraí EagraíochtaTalking Heads
Talking Heads Remain in Light band logo.svg
Talking Heads band1.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
Cineál racbhanna Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh 1975, Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre 1975 –
Lipéad ceoil Sire Cuir in eagar ar Wikidata
Seánra Iarphunc agus nuathonn Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Sonraí eile

IMDB: nm0848088 Facebook: TalkingHeadsofficial Spotify: 2x9SpqnPi8rlE9pjHBwmSC iTunes: 155546 Last fm: Talking+Heads Musicbrainz: a94a7155-c79d-4409-9fcf-220cb0e4dc3a Songkick: 12353 Discogs: 22854 Allmusic: mn0000131650 Deezer: 181

Ba bhanna rac-cheoil as Meiriceá é Talking Heads a tháinig le chéile i 1974 i Nua-Eabhrac agus ar éag i 1991. Bhí David Byrne, Chris Frantz, Tina Weymouth agus Jerry Harrison ina bhaill den ghrúpa ach baineadh úsáid go minic as ceoltóirí breise ar albaim nó ar an mbóthar.

Bhí stíl ann féin ag an banna a bhailigh eilimintí rac-phunc, avant-garde, popcheoil, func, ceol domhanda agus rac-art le chéile. Ba é David Byrne a chum formhór d’aschur an ghrúpa agus a bhain úsáid as liricí spadhrúil agus dothuigthe. Tuairiscíonn an criticeoir Stephen Thomas Erlewine Talking Heads mar cheann dos na grúpaí cheoil is fearr sna 80í. Sa bhliain 2002, toghadh an banna mar bhall dá “The Rock and Roll Hall of Fame.” I 2003, bhí trí albaim acu ar an “Rolling Stone” liosta dos na 500 albaim is fearr riamh. Meastar an scannán cheolchoirme “Stop Making Sense” (1983) ón ghrúpa mar shampla den chéad scoth den chineál sin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

1974-1977: An tosach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail Byrne, Frantz agus Weymouth le chéile agus iad ag freastal ar scoil na dearthóireachta i Rhode Island. Sabhliain sin – 1974 - bhunaigh Byrne and Frantz grúpa cheoil - "The Artistics". Bhí Weymouth ag dul amach le Frantz (phós siad i 1977) agus thabharadh sí síob don bhanna ó am go ham. Laistigh de bhliain, bhí deireadh leis na Artistics agus bhog an triúr go Nua-Eabhrac. Toisc nach raibh Byrne nó Frantz in ann seinnteoir a aimsiú don dordghiotár, thug Frantz misneach do Weymouth é a fhoghlaim. Sheinn siad mar "Talking Heads" don chéad uair riamh agus iad ag oscailt do “The Ramones” ag an ionad cheoil cáiliúil – CBGBs - ar an 8 Meitheamh, 1975.

I 1976, thugadar cuireadh do Jerry Harrison, a bhí ina bhall do bhanna Jonathan Richman - The Modern Lovers. D’éirigh go maith leo ón am seo amach agus fuaireadar lucht leanúna agus conradh ó Sire Records i 1977. An bhliain chéanna, i Feabhra, chuir Talking Heads amach an chéad singil: "Love → Building on Fire". Cuireadh amach an chéad albam - Talking Heads: 77 – go luath i ndiaidh é sin.

1978-1982: Le Brian Eno[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leis an dara albam, “More Songs About Buildings and Food” (1978), thosaigh an banna ag obair leis an léiritheoir Sasanach, Brian Eno, a bhí ina bhall de Roxy Music, agus a léirigh albaim do David Bowie agus Robert Fripp. Bhí stíl neamhghnách riamh ag Eno a d’oir an meon ealaíonta a bhí ag na Heads agus, as bheith ag obair leis, fuaireadar an muinín dul i dtreoracha eile lena gceol.

Cé go raibh hit acu le "Psycho Killer" ón chéad albam, tharraing siad iúl ginearálta leis an Al Green ‘cover’ "Take Me to the River" ón dara albam.

Lean an turgnamh ar aghaidh i 1979 le “Fear of Music”, a bhí dorcha go leor le stíl rac iar-phunc. Ón albam sin, tháinig an singil "Life During Wartime" leis an frása cáiliúil: "This ain't no party, this ain't no disco." I 1980, tháinig albam eile “Remain in Light”, a d’iompair tionchar mór ón Afraic – ag an am bhí Eno an tógtha le ceol “Afro-Beat” ó Fela Kuti ón Nigéir. Chun an ceol polairithimeach seo a sheinn beo, bhain an grúpa úsáid as níos mó ceoltóirí – is féidir an socrú seo a fheiceáil sa scannán “Stop Making Sense”. Le linn an tréimhse seo, chruthaigh Weymouth agus Frantz grúpa eile, “The Tom Tom Club”, agus dhein Harrison ceirnín aonair – iad go léir curtha amach ag Sire Records. B’é "Once in a Lifetime" an chéad singil ó “Remain in Light”. Ba bheag an iarmhairt a bhí aige sna Stáit Aontaithe ag an am, ach ba hit é sa Ríocht Aontaithe. Chomh maith le sin, tá biseach tagtha ar an clú atá ag an amhrán le h-imeacht ama de bharr an físeán spreagtha a bhí aige. Tar éis ceithre albaim a chur amach faoi cheann ceithre bhliain, thóg an banna sos. D’fhan siad trí bliana go dtí an chéad ceann eile ach, san idir linn, lean Frantz agus Weymouth ar aghaidh ag taifeadhadh leis an Tom Tom Club. D’éirigh le Sire chomh maith albam beo a chur amach - “The Name of This Band Is Talking Heads” (1982).

1983-1991: Tar éis Eno[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh “Speaking in Tongues” amach i 1983 agus b’é rath tráchtála don ghrúpa a bhain amach a gcéad Top 10 hit i Meiriceá - "Burning Down the House". Ba chúis amháin leis an rath seo ná an físeán sonraíoch a bhí le feiceáil ar MTV gan stad gan staonadh. Bhuail na Heads an bóthar leis an albam agus chruthaigh an stiúrthóir Jonathan Demme “Stop Making Sense”, scannán beo den turas a spreag albam beo leis an ainm céanna. B’é an turas “Speaking in Tongues” an ceann deireanach don ghrúpa. Ach mar sin féin, bhí trí albam stiúideo fágtha acu. Tháinig “Little Creatures” i 1985 (leis na hits "And She Was" agus "Road to Nowhere"), “True Stories” (1986: fuaimriain do choiméide a chum Byrne), agus “Naked” (1988). Bhí stíl pop/rac Meiriceánach ag “Little Creatures” agus “True Stories”, ach chuaigh “Naked” ar ais go dtí na polairithimí Afracacha agus a bhí ar “Remain in Light”.

Níor tháinig fógra oifigiúil go dtí 1991 go raibh críochnaithe leis an banna. Sa bhliain chéanna, chuireadar amach an singil "Sax and Violins," a bhí le cloisteáil ar fuaimriain “Until the End of the World” le Wim Wenders.

1992-inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

In ainneoin nach raibh suim ag David Byrne in albam eile, tháinig an triúr eile le chéile i 1996 faoin ainm “The Heads” don albam “No Talking, Just Head”. An uair sin, bhaineadar úsáid as amhránaithe éagsúla cosúil le Debbie Harry, Michael Hutchence agus Shaun Ryder.

Athaontú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sheinn an ceathrar le chéile arís ar 18 Máirt, 2002 nuair a thoghadh iad go dtí an “Rock and Roll Hall of Fame”, ach ní dócha go rachaidh siad ar turas arís. Dúirt Byrne go raibh an-chuid drochfhola eatarthu uair dá raibh, agus go raibh an-difríocht eatarthu chomh maith maidir leis an ceol.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim stiúideo[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Talking Heads: 77 (1977)
  • More Songs About Buildings and Food (1978)
  • Fear of Music (1979)
  • Remain in Light (1980)
  • Speaking in Tongues (1983)
  • Little Creatures (1985)
  • True Stories (1986)
  • Naked (1988)

Albaim beo[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Name of This Band Is Talking Heads (1982)
  • Stop Making Sense (1984)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tógtha ón leagan Béarla don Vicipéid

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]