Talamh an Éisc (oileán)
| Ktaqmkuk (mic) | |||||
|
|||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Ceanada | ||||
| Cúige Cheanada | Talamh an Éisc agus Labradar | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 479,538 (2016) | ||||
| • Dlús | 4.41 hab./km² | ||||
| Teanga oifigiúil | Newfoundland English (en) Newfoundland French (en) An Ghaeilge i gCeanada | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Talamh an Éisc agus Labradar | ||||
| Achar dromchla | 108,860 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Gulf of Saint Lawrence (en) | ||||
| Airde | 814 m | ||||
| Pointe is airde | The Cabox (en) | ||||
| Eacnamaíocht | |||||
| Airgeadra | dollar Cheanada | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Oileán mór ar imeall thiar an Aigéin Atlantaigh is ea Talamh an Éisc (Béarla: Newfoundland, Fraincis: Terre-Neuve). Tá sí suite i gcúige Thalamh an Éisc agus Labradar, i gCeanada.
Labhraítear trí theanga ar an oileán maorga seo - mar atá - Gaeilge, Béarla agus an Fhraincis. Faigheann an t-oileán a ainm ó iascairí Éireannacha a raibh eolas acu ar an oileán le fada an lá. Chuir a lán Éireannach fúthu san oileán seo i dtús an chéid seo caite agus sa réim timpeall na príomhchathrach, Baile Sheáin. Le fada an lá, ba í an Ghaeilge an teanga ba choitianta a d'airítí á labhairt i gceantair áirithe ar an oileán. Ar 3 Meitheamh 1948 bhí olltoghchán ann agus léirigh na daoine gur mhian leo ceangal buan le Ceanada a bheith acu. Rinneadh cúige de chuid Cheanada de ar an 3ú lá de mhí Mhárta 1949.[1] Le himeacht ama tháinig meath ar an méid Gaeilge, Gàidhlig agus Fraincise a bhí á labhairt ann. Sa lá atá inniu ann, is é an Béarla an phríomhtheanga a labhraítear ar an oileán.

Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Baker, Melvin (1987). "The Tenth Province: Newfoundland joins Canada, 1949". Horizon 10 (11): 2641–67. Dáta rochtana: 3 Aibreán 2014.
| Is síol faoi thíreolaíocht Cheanada é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
