Taifeadán eitilte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AerárthachTaifeadán eitilte
Cineálaircraft monitoring device (en) Aistrigh, comhpháirt aerárthaí agus data recorder (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tá dhá chineál acu ann: taifeadán sonraí eitilte agus taifeadán gutha digiteach.

Ciallaíonn “taifeadán eitilte” aon chineál taifeadáin atá suiteáilte san aerárthach chun imscrúduithe sábháilteachta ar thionóiscí nó ar theagmhais a éascú[1]. Tugtar an t-ainm Bosca Dubh chomh maith ar thaifeadán eitilte ar aerárthach (ach is oráiste é).

Bailíonn sé seo eolas ar fheidhmiú an aerárthaigh le linn na heitilte.

Is féidir úsáid a bhaint as chun na cúiseanna le tuairt eitleáin a dhéanamh amach.

Tá dhá chineál acu ann: taifeadán sonraí eitilte agus taifeadán gutha digiteach.

Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le Parlaimint na hEorpa, ba cheart dul chun cinn maidir le taighde faoi rianú fíor-ama aerárthaí agus faoin bhféidearthacht go mbeidh rochtain ar fhaisnéis ó thaifeadán eitilte gan an taifeadán eitilte a bheith ann go fisiciúil a spreagadh d’fhonn feabhas a chur ar na huirlisí atá ar fáil d’imscrúdaitheoirí chun na cúiseanna atá le tionóiscí a chinneadh agus d’fhonn feabhas a chur ar an gcumas chun teagmhais athfhillteacha a chosc.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]